Ionad Lae
Ionad Lae
Tá an tIonad lae tiomanta do sheirbhísí trí Ghaeilge, den scoth agus d’ardchaighdeán a chuir ar fáil do dhaoine atá ag dul in aois. Tá deiseanna sóisialta rialta/laethúil ann don duine/daoine atá ag dul in aois bualadh le chéile, scéalta agus cúrsaí an tsaoil a roinnt agus a phlé. Is féidir scileanna agus ceirdeanna idir sean agus nua-aimseartha a fhoghlaim agus a chleachtadh i dtimpeallacht atá sábháilte, sláintiúil, compordach agus tarraingteach.
Bíonn an clár ama seachtainiúl leagtha síos i gcomhar leis na rannpháirtithe agus bunaithe ar na riachtanais atá acu féin go haonarach agus mar ghrúpa. Tá leanúnachas agus éagsúlacht riachtanach sa gclár ionas go mbainfear an taitneamh agus an tairbhe is fearr agus is féidir as an am a chaithfear i gcuideachta a chéile san Ionad Lae.
Sampla de ChlЗr GnТomhaТochtaТ, ImeachtaТ ShЧisialta agus OideachasЬla
• Ealaíon, Cniotáil, Biongó agus eile
• Clár Aclaíochta
• Machnaimh
• Imeachtaí sóisialta eagraithe go rialta taobh istigh agus taobh amuigh
• Ríomhaireacht
• Garraíodóireacht
• Searmanais – Bunaithe ar thraidisiúin, cultúr, reiligiún
• Aosú le Muinín – Oideachas
• Béaloideas – (Ciorcal Comhrá) – Leabharlann
• Ag cónascadh agus ag cothú cairdis ar bhonn sóisialta idir mhuintir Ionaid Lae Ros Muc, Camus, Ceantar na nOileáin agus Tearmann Éanna
• Cónascadh idir an Óige agus daoine atá ag dul in aois
