Ar an Aoine an 5ú Deireadh Fómhair 2012, tionóladh ócáid speisialta i dTearmann Éanna nuair a sheol an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donncha Mac Fhionnlaoich, seirbhís nua as an bpíosa, is é sin seirbhís ‘Béile ar Rothaí’ faoina gcuirfear béilí te, cothaitheach ar fáil ar phraghas réasúnach do dhaoine scothaosta agus d’easláin an cheantair seo.
Pictiúir le Seán Ó Mainnín - www.seanomainnin.com