Glac páirt
Biongó Seachtainúil
Táthar ag súil go mbeidh an Biongó ar ais againn arís i mí Márta 2022. Beidh sé ar siúl gach Déardaoin i Halla na Tulaigh ag 8i.n. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghlacadh le lucht freastal an Bhiongó, leis an gcoiste deonach a chabhraigh linn go dtí seo agus le na siopaí, óstáin, bialann agus táirgeoirí áitiúil a chur duaiseanna ar fáil gach seachtain. Tacaíonn an teacht isteach sheachtainúil le feidhmiú seirbhísí an Ionaid Lae agus an tseirbhís Béile ar Rothaí a sholáthraíonn Tearmann Éanna CTR.

Cártaí Nollag
Ní fhéadfadh Tearmann Éanna CTR an obair a dhéanaimid go laethúil a chur ar fáil gan tacaíocht an phobail. Le do chabhair, is féidir linn ár soláthar seirbhísí a bhuanú agus a fhorbairt chun tacú le daoine atá ag dul in aois, lena gcairde nó a dteaghlaigh atá ina gcónaí go h-áitiúil inár measc.
Bíonn na Cártaí Nollag ar díol gach bliain sna siopaí áitiúil ar chostas €10 an beart. Is féidir iad seo a cheannacht uainn féin chomh maith tríd bualadh isteach chuig an oifig ar An Tulach, i mBaile na hAbhann. Is í an t-ealaíontóir Elaine Conneely a dhearadh na cártaí seo, i gcomhar le rannpháirtithe Thearmann Éanna CTR.
Mar ghné spioradálta agus cuimhneacháin ar ár muinitre, deirtear cúig shochar don phaidrín agus lastar soilse an Chrann Nollag ar An Tulach dóibh siúd atá ina mbeatha agus dóibh siúd atá imíthe ar shlí na fírinne ón 8ú Nollag go dtí 6ú Eanáir.
Deirtear an pháidrín ar láthair an Ionaid Lae agus freisin go fíorúil agus beo ó Shéipéal Naomh Ainnín, An Cnoc, tríd an córas MCN Media agus 105.5FM, ionas go mbeidh fáil ag an bpobal nár féidir leo freastal ar an Ionad Lae ar an bpáidrín.

Do Smaoineamh
Cuireann muid fáilte roimh bhur smaointí i leith imeachtaí bailiúcháin airgid ar son Tearmann Éanna CTR. Is bealach iontach é seo dúinn mar eagraíocht nasc a chruthú leis an bpobal trí imeachtaí comhpháirtíochta a eagrú, ina bhfuil an sprioc coitianta ag na páirtíthe uile.
Is féidir le daoine aonaracha, grúpaí agus/nó teaghlaigh tabhairt faoi imeachtaí bailiúcháin, le cead faighte roimh ré agus i gcomhar le Tearmann Éanna CTR.
Tá Tearmann Éanna CTR tiomanta don phobal, ag cinntiú go bhfuil gach iarracht á dhéanamh againn freastal ar riachtanais éagsúil na ndaoine atá ag dul in aois agus daoine scothaosta atá ina gcónaí inár measc. Tacaíonn feachtais agus smaointí bailiúcháin linn leanúint lenár soláthar seirbhísí rí-thábhachtacha agus cuireann ar ár gcumas nasc láidir, honraic agus oscailte a chothú leis an bpobal.