Misean, Fís & Luachanna

Misean, Fís & Luachanna

Misean

Sonas, Sláinte agus Fad Saoil ár Muintire, faoi shó agus faoi chompord,i gciall agus i réasún agus i dtimpeallacht na dea-chomharsanachta.

Fís

Ionad Barr Feabhais a dhéanamh de Thearmann Éanna CTR a thabharfaidh an cumas do dhaoine dul in aois le muinín agus le dínit agus a neart saoil a iompú ina thabhartas eiseamláireach le bealach tairbheach maireachtála a leanacht.
Fágfaidh seo Conamara ar an áit is fearr ar domhan le dul in aois ann.

Luachanna

Is iad ár bpríomhluachanna ná Grá, Muinín agus Barr Feabhais.
Is luachanna láidre iad seo a thacaíonn le gníomhaíochtaí agus le hobair Thearmann Éanna CTR.
Nuair a bhíonn comhluachanna aitheanta nó cruthaithe idir Tearmann Éanna CTR mar cheannródaí agus iad siúd atá ag úsáid na seirbhísí, tá go leor rudaí ar féidir linn a bhaint amach i dteannta a chéile.
Tá riachtanais an duine aonair/úsáideoir seirbhíse rí-thábhachtach i gcónaí i riaradh na seirbhísí mar aon leis an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht teaghlach agus cairde nuair is cuí.
Cruthaíonn luachanna comónta fuinnimh dhochreidte nuair a bhíonn daoine aonair, grúpa agus luachanna eagraíochta ar aon bhóthar amháin.
Feidhmíonn luachanna comónta an compás inmheánach a chuireann ar chumas daoine gníomhú astu féin agus i gcomhar lena chéile.

Misean, Fís & Luachanna