Oibrí go deonach

Oibrí go deonach

Is é ceann de na tosaíochtaí atá againn ná go mbainifidh gach oibrí deonach taitneamh agus tairbhe dhearfach as a bheith ag tacú le soláthar agus feidhmiú seirbhísí na h-eagraíochta, le linn dóibh a bheith ag tacú le na daoine is tábhachtaí dúinne mar eagraíocht, iad sin ár ndaoine muintíre, ár gcomharsain agus ár bpobal fhorleathan i gcoitinne mórthimpeall ceantar Chonamara Theas.

Mar oibrí deonach, is féidir leatsa:
• Tionchar dhearfach a bheith agat ar shaol dhaoine tríd a bheith ag tacú leo.
• Tacú le do phobal áitiúil agus le soláthar seirbhísí rí-thábhachtach agus riachtanach dóibh siúd atá ag dul amach sna blianta.
• Bualadh le daoine agus aithne a chur ar dhaoine nua.

Cuirfidh Tearmann Éanna CTR fáilte roimh aon duine gur spéis leo tacú linn, pé scil agus spéis atá agat. Cuirtear traenáil ar fáil do gach oibrí deonach.

Oibrí go deonach