Cúramóirí Baile

Tá Tearmann Éanna CTR., ag lorg iarratais do phostanna Lán agus Páirt Aimseartha mar chúramóirí baile ins na ceantair seo a leanas:

  • Bearna & Na Forbacha
  • An Spidéal & Indreabhán
  • Baile na hAbhann & Ros a’Mhíl
  • Casla & An Cheathrú Rua
  • Ceantar na nOileán
  • Camus & Rosmuc
  • Carna & Cill Chiaráin
  • Na hOileáin Árainn

Tá cáilíochtaí FETAC Leibhéal 5 i gCúram Baile riachtanach nó is féidir leis an iarrthóir a bheith ag baint amach na gcáilíochtaí i láthair na huaire.

Tá ceadúnas tiomána glan riachtanach, chomh maith le hard chaighdeán Gaeilge.

Tá an fhoirm iarratais don phost ar fáil ar an suíomh idirlín www.tearmanneanna.ie nó is féidir gach eolas a fháil trí glaoch ar Thearmann Éanna ag 091 505540 nó ríomhphost a sheoladh chuig: tacaiochtb@gmail.com

 

Seol iarratas mar aon le CV chuig:

An Bainisteoir, Tearmann Éanna CTR., An Tulach, Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe. H91 W54O