Tithíocht

Tithíocht

Tá tríocha sé aonad tithíochta á bhainistiú agus á riaradh ag Tearmann Éanna CTR i gceantar Chois Fharraige, iad sin Eastáit Thearmann Éanna, Eastáit Thearmann Ainnín & Eastáit Teach an Phosta. Tá an tseirbhís seo á chur ar fáil chun freastal ar:

• Ganntanas Cóiríochta atá i gConamara Theas;
• Eisimircigh atá ag maireachtáil ar an imeall i dtíortha eile ar fud an domhain agus a bhfuil riachtanas tithíochta acu. Deiseanna cóiríochta a chur ar fáil dóibh ina dtír dhúchais féin;
• Daoine gur Gaeilgeoirí iad ó áiteanna eile ar fud Éireann ar mian leo lonnú anseo;

Is é an tábhacht atá le cóiríocht a bheith ar fáil do dhaoine ina gceantar féin agus deiseanna a thabhairt do dhaoine atá ag dul in aois ná:
• Teacht i dtír ar an margadh tithíochta faoi láthair ar mhaithe leis an gcóiríocht riachtanach a sholáthar níos saoire ná trí thithe a thógáil as an nua dóibh.
• Cónaí go neamhspleách, nó gar de, le tacaíocht i dtithe atá i dtimpeallacht aitheanta agus comharsanúil do dhaoine atá ag dul in aois agus d’eisimircigh atá ag filleadh abhaile.
• Liosta feithimh na dTithe Altranais a choinneáil chomh híseal agus is féidir trí chóiríocht oiriúnach le tacaíocht agus cúram baile más gá a bheith ar fáil d’easláin agus do dhaoine atá ag dul ina aois.

Cuireann Tearmann Éanna CTR an tseirbhís seo ar fáil le Comhairle agus Tacaíocht ó Chomhairle Contae na Gaillimhe agus An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Má tá aon eolas breise uait maidir le tithíocht Thearmann Éanna CTR nó más mian leat clárú don liosta feithimh, is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí ghlaoch ag 091 505540.

Tithíocht