Sonas, Sláinte agus Fad Saoil ár Muintire, faoi shó agus faoi chompord,i gciall agus i réasún agus i dtimpeallacht na dea-chomharsanachta.
Fís Thearmann Éanna
Ionad Barr Feabhais a dhéanamh de Thearmann Éanna Teo. a thabharfaidh an cumas do dhaoine dul in aois le muinín agus le dínit agus a neart saoil a iompú ina thabhartas eiseamláireach le bealach tairbheach maireachtála a leanacht.
Fágfaidh seo Conamara ar an áit is fearr ar domhan le dul in aois ann.
Cuirfidh Tearmann Éanna Teo. an fhís seo i bhfeidhm trí sheirbhísí agus áiseanna den scoth a chur ar fáil do dhaoine atá ag dul in aois i gConamara lena chur ar a gcumas saol iomlán agus neamhspleách a mhaireachtáil chomh fada agus is féidir ina dtithe cónaithe féin agus ina bpobal féin.