Cúram & Tacaíocht Baile

Cúram & Tacaíocht Baile

Tá an tseirbhís Cúram & Tacaíocht Baile á sholáthar ag Tearmann Éanna CTR i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tacaíonn an tseirbhís seo le daoine gur mian leo fanacht ag an baile agus maireachtáil go neamhspléach, le tacaíocht, ina dtithe agus a gceantair féin.

Is iad an Feidhmeannacht Seirbhíse Sláinte a dhéanann dáileadh ar na pacáistí cúram agus cuireann eagraíochtaí ar nós Tearmann Éanna CTR an tseirbhís ar fáil, lena dtacaíocht.

Más mian leat breis eolais a fháil faoin tseirbhís nó má tá aon fhiosrúchán agat ina leith, is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí ghlaoch ag 091 505540 agus labhairt leis an gComhordaitheoir Seirbhíse.

Cúram & Tacaíocht Baile