Ár Scéal

Ár Scéal

Ceithre chloch coirnéil atá i ngach uile chomhluadar ar dhroim na cruinne, mar atá:
A leas agus a luachanna sóisialta agus spioradálta a chosaint agus a chur chun cinn;
A nÓige a thógáil agus a chur in oiriúint don saol mór agus don obair;
Saol maith dá dteaghlaigh a chruthú agus a fhorbairt;
Aire mhaith a chinntiú do dhaoine atá as a sláinte agus do dhaoine atá ag dul in aois.

An ceathrú cloch acu sin a cuireadh de chúram ar Thearmann Éanna CTR, rud atá á dhéanamh acu le breis agus scór bliain anuas. Is iad Comharchumann Chois Fharraige a thug an suíomh talúna trasna an bhóthair ó Choláiste Lurgan, ar a bhfuil dhá theach déag tógtha ón bhliain 1994.

Ba é Comharchumann Shailearna a thosaigh an taighde faoin riachtanas atá le seirbhísí eagraithe a bheith ar fáil do dhaoine atá ag dul in aois sa cheantar. Nuair a foilsíodh an taighde sin faoin teideal Sláinte agus Fad Saoil ár Muintire, cuireadh tús le coincheap an Ionad Lae den chéad uair i Seanscoil Sailearna faoi scáth an Chomharchumainn.

Chuidigh Tearmann Ainnín Teo. i dtosach agus Tearmann Éanna Teo. ina dhiaidh sin le tithe shóisialta, ionad lae agus árasáin chomh maith le hionad seirbhísí sláinte a thógáil le feabhas a chur ar sheirbhísí do dhaoine atá ag dul in aois agus do theaghlaigh an cheantair atá ina thuilleamaí.

Tá Tearmann Éanna CTR dírithe ar aire na huibhe a thabhairt do mhuintir an cheantair seo atá ag dul in aois mar gurbh iad sin a d’fhág oidhreacht luachmhar ár muintire ag an nglúin seo agus ag na glúnta atá le theacht inár ndiaidh.

Ár Scéal