Scéim Foláireacht do Sheanóirí

Scéim Foláireacht do Sheanóirí

Tá an Scéim Foláirimh do Sheanóirí (SAS) bunaithe chun tacaíocht pobail a spreagadh do dhaoine scothaosta leochaileacha inár bpobail. Soláthraíonn sé maoiniú d’aláram monatóireachta pearsanta, atá ceangailte le hionad teagmhála chun cur ar chumas daoine scothaosta 65 bliain d’aois nó níos sine, maireachtáil go slán ina dtithe féin le muinín, neamhspleáchas agus suaimhneas intinne.

Tá an Scéim maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riaradh ag an eagraíocht Pobal. Cuirtear trealamh ar fáil trí eagraíochtaí pobail, deonacha agus neamhbhrabúis atá cláraithe le Pobal faoin SAS. Tá Tearmann Éanna CTR ar ceann de na h-eagraíochtaí a bhíonn ag tacú leis an tseirbhís seo a sholáthar. Is iad na ceantair eagsúil a bhíonn muid ag freastal orthu ná:

• Na Forbacha
• An Spidéal
• Indreabhán
• An Tulach
• Baile na hAbhann
• Ros a’Mhíl
• Casla
• An Cheathrú Rua
• Ceantar na nOileán
• Ceantar Chonamara Láir
• Seanadh Phéistín

Scéim Foláireacht do Sheanóirí