Seirbhís Béile ar Rothaí
Seirbhís Béile ar Rothaí
Cuireadh tús leis an tseirbhís Béile ar Rothaí sa bhliain 2012 ar mhaithe le freastal ar bhonn caighdeánach ar dhaoine atá ag dul in aois i gceantar feidhme ChonamaraTheas.
Sprioc na Seirbhíse
1. Tacú le daoine atá ag dul in aois maireachtáil go neamhspleách ina dtithe cónaithe féin chomh fada agus is féidir.
2. Tacú le deá-shláinte agus folláine na ndaoine scothaosta agus do dhaoine a bhfuil tinneas ainsealach nó míchumas orthu.
3. Tacú le daoine atá ag teacht chucu féin tar éis tinnis agus/nó máinliachta
4. Tacú le daoine nach bhfuil rochtain éasca nó bealach acu chuig siopa áitiúil.
5. Ceangal agus tacú shóisialta a chur ar fáil do dhaoine atá ag dul in aois agus atá ina gcónaí astu féin i gceantair iarghúlta mórthimpeall Chonamara Theas.
Ullmhaítear na béilte úr & cothaitheach ar an láthair i Ionad Lae Thearmann Éanna CTR gach lá ó Luain – Déardaoin agus déanann ár bhfoireann iad a sheachadah go laethúil chuig tithe an úsáideoir seirbhíse. Is féidir leas a bhaint as an tseirbhís go gearrthéarmach, go séasúrach nó go fadtéarmach.
Feidhmíonn an tSeirbhís Béile ar Rothaí ceithre lá sa tseachtain, Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin. Cuirtear an tseirbhís ar fáil sna ceantair seo a leanas:
• Na Forbacha
• An Spidéal
• Indreabhán
• Baile na hAbhann
• Ros a’Mhíl
• Séanadh Phéistín
• Casla
• Camus
• Rosmuc
• An Cheathrú Rua
• An Tuairín
• Béal an Daingin
Is costas €5 in aghaidh an lae/an béile atá ar an tseirbhís agus más mian leat milseog a bheith agat, is €6 an costas iomlán don bhéile agus an milseog.
Más mian leat clárú don tseirbhís nó má tá aon fhiosrúchán agat ina leith, is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí ghlaoch ag 091 505540.
